Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
- XML Leathanach 013
- XML “Scéal Eile”
- XML “Teach tré Thine”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)act amháin na foclai seo "Cén súil ar leag tú orm i dtosach" & dubhairt sí leis an tsúil chlé d'ardaigh sé an fip agus bhuail sí í insan súil sin leis & ón lá sin go dtí lá a báis bhí sí dall.
- Reamh-Rádh
Bhí teach mór maordha álainn i sráid bhaile Roinn-a-mhóta in aice na sgoile seo. Fadó bhí comhnuidhe ar fhear darbh Colonel Chichester ann. D'fhág sé slán leis an tír seo & chuir sé faoi i Sasana mar bhí caisleán agus feirm mór aige freisin san tír sin. Amannta thagadh sé ar ais chun a cuairte a dhéanamh ann. San mbliadhain nuair a bhí troid ar siul idir Free States agus Republicans doigheadh an teach seo.
Bhí saighdiuirí ann agus an mhaidin nuair do chuaidh sé tré teine d'fagadar é. De réir barramhla na ndaoine is dócha go raibh rian "petrol" ar na h-urlaraibh & gan smaoined gur las ceann eigin des na fearaibh cipín cun tobac a chaiteamh & nuair do chaith sé é uaidh bhí sé lasta in gan fhios do.(leanann ar an chéad leathanach eile)