Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley
- XML Leathanach 022
- XML “Na Reiligí insan gCeantar Seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Roilice na h-ainmneacha a tugtar ar na -h-áiteannaibh in a gcuirtear na daoine marbh.
Insan gceanntar seo tá cuig cinn ann. Ní bhaintear úsáis as dhá ceann díobh & tá an trí cinn eile i úsáid. Sin iad ainmneacha ar na roilicibh sin - Fuárán, Árd Ciarán & Ath Cláir & ar an dhá ceann eile Rath na n-Éag & Clochar.
Tá Rath na n-Éag i sráid bhaile Cil tultogue seacht míle on mbaile mór Roscomáin. San am fadó sul ar tháinig Naomh Pádraig go dtí an paróiste seo cuireadh na daoine marbh ann. Tá sgéal ag baint leis an roilic sin - Nuair a bhí Naomh Pádraig ar a bhealach on Teach na Ceithre Míle tháinig sé go dtí an roilic sin. Bhí bean in a comhnuidhe in aice na h-áite & cosamail le na mnaibh bhí sí go h-an fiosrach ar fad(leanann ar an chéad leathanach eile)