Scoil: Naomh Ceitheach, Runnamoat, Ballymacdurley (uimhir rolla 8499)
- Suíomh:
- Runnamoat, Co. Ros Comáin
- Múinteoir: Gráinne, Bean Uí Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal Eile
“Bhí fear ins an gceanntar seachtmad bliadhain o shoin agus an t'ainm do bhí air "Páidín na haiteanna".”
Scéal Eile
Réamh Rádh:
Padráig Ó Fithcheille a innis an sgéal seo dom. Feirmeoir iseadh é. Tá cur síos air roimhe seo.
Sgéal
Bhí fear ins an gceanntar seaghtmad bliadain ó shoin agus an t'ainm do bhí air "Páidín na h-aiteanna". Téigheadh sé ón áit go h-áit agus go mbíodh mála mór ar a dhruim aige. Sin é barramhla na ndaoine gur fear sideóg do bheadh é.
B'annamh a chuathruigheadh sé an áit seo agus nuair a n-imthigheadh sé bhíodh naoidneán no dhó imthighthe as a gcliabhán.
Tráthnóna éigin thainig sé go sráid baile tháinig sé go sráid baile - Baile an Ghlais - an sráid baile taobh thair dínn.
Bhuail sé isteach i dteach eigin agus bhí naoidhneán beag aluinn ina an gcliabhán. Naoidhnean aonach do bheadh é agus cheap a athair agus a máthair nach raibh naoidhneán ann go dtí é.
B'éigin don máthair a dul amach ag feachaint ina dhiaidh gnó an tighe agus bhí fear ann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Fithcheille
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)