Scoil: Doire na Creiche
- Suíomh:
- Doire Creiche, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Criostóir Ó Drioscóil
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire na Creiche
- XML Leathanach 004
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Úair amháin do cómhnuig feirmeóir maith saidhbhir sa Cumar. Lá amháin do bhúaladh a bhean breóidhte go h-ana obann.
Bhí a raibh do dochtúirí sa dúthaig a d'iarraig í leigheas ac níor eirig leo aon mhaitheas do dhéanamh di. Ní íosfadh sí agus ní ólfadh sí aon nídh úatha.
Rud greanmhar a bhí sa sgéal. D'eirigheadh sí isd'oidhce agus do íosadh sí agus do óladh sí a dhá dóthain. Lá amháin bhí píosa laoigh fheóla beirbhighthe cun an dínnéir aige. D'eirig sí agus d'ith sí an fhéoil go léir. Núair a tháinig a fear cun a dhínnéir ní raibh aon nídh ann cuighe ach na cnámha. Bhí sé ar buile agus dúbhairt sé go gcaithfeadh sé fhághail amach cad a bhí uirthe. Níor stad sé go ndeachaidh sé go Gleann Garbh ag tríall ar "bhean feasa". Dúbhairt an bhean feasa nár bh'í sin a bhean anaoncor ach síobhthra a fhág na daoine maithe ann agus dúbhairt sí leis [?] an céachta d'fághail, é do deargadh sa teine, agus, annsan é do ropadh isteach fé na smig. Do dhein sé mar a dúbhradh leis agus má dhein do léim an bhean amach as an leabaidh; Amach an doras léi; do lean an fear í agus do chonnaic sé i ag déanamh ar lios a bhí inaice an tíghe. Ar an am gcéadhna bhí a bhean féin ag teacht treasna na páirche fé dhein an tíghe comh maith agus a bhí sí riamh agus níor búaladh teinn í as san amach.- Faisnéiseoir
- Mrs Connell
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Farmer (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Abha Chom Sheola, Co. Chorcaí