Scoil: An Clochar i mBeanntraí (uimhir rolla 9161)
- Suíomh:
- Beanntraí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: An tSiúr Pól
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa tsean aimsir nuair a bhí na saighdiúirí ar thóir na sagart ní leigidís an tAifreann do léigheamh ins na hEaglaisíbh. Do bhí ortha dul i measg na gcnoc chun an Aifrinn do léigheamh dos na daoine a bhí bailighthe d'aimhdheoin na gcruadhtan a bhí le fulang acu.
I bparóiste na Cathrach tá páirch ann ar thaobh cnuic agus ins an bpáirc sin tá leach mhór. Deirtear gur ar an leich sin a léigheadh na sagairt an tAifreann fadó. Tá an leach sin le feiscint fós go dtí an lá indhiu. Mór-thímhcheall na lice sin tá tuir mhóra. Téigheann a lán daoine ann chun é d'fheiscint. 'Sé an ainm atá ar an bpáirch ná páirch an Aifrinn.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóirín Nic Chárthiagh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Beanntraí, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Mac Charthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Beanntraí, Co. Chorcaí