Scoil: Rinn Garóige, An Scibirín (uimhir rolla 16255)
- Suíomh:
- Rinn Ghearróige, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chonaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rinn Garóige, An Scibirín
- XML Leathanach 085
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Do bhí sean-mhaighistir scoile ar lóistín i dtig feirmeóra agus bhí gé beirighthe aca i gcóir an tsúipéir agus bhí muinntir an tighe chom sprúinluithe san nár mhaith leo pioc a thabhairt do'n maighistir scoile. Do thóg bean an tíghe an ghé ó'n teine agus chuir sí ar an mbórd í i méis mhór agus dubhairt sí le fear an tighe í roinnt mar ní dheanfadh sí féin é in aon chor mar do bheadh náire uirthi gan aon rud a thabhairt de'n maighistir agus ní raibh sí cun aon hhioc de'n gé a thabhart do. Dubhairt an fear leis an mnaoi é roinniú, do shocruigheadar araon roinniú an gé a thabhairt de'n mhaighistir, mar do cheapadar ná coimeádfadh sé aon rud do féin. Dubhairt sé go roinnfeadh sé é ach caithfeadh gach aoine bheith sásta le na áireamh féin agus caithfeadh bean an tighe í a gearradh mar a déarfad sé féin léi. Do thosnuig an maighistir ar an gé do roinniú agus bean an tíghe á gearradh mar déarfadh sé. Diarr sé ar bean an tíghe an raibh sí ullamh agus dubhairt sí go raibh. Seo mar a dubhairt sé "ceann an gé do ceann an tighe, a sgiathán clé dhá mhnaoi, a cos agus a cos murt do gnath mhuinntear a tighe agus an corp do'n stráinnséir." D'itheadar an gé ansan agus bhí muinntear an tighe ana-mhí shásta.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Dún na nGall Thiar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Coileáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Dún na nGall Thiar, Co. Chorcaí