Scoil: Bréan-tráigh (B.)
- Suíomh:
- Bréantrá, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tomás Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Bréan-tráigh (B.)
- XML Leathanach 296
- XML “Stories about Bán Leathan”
- XML “Páirc na hUladh”
- XML “Tobar Bhríde”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Timcheall trí céad slat ar an dtaobh thoir theas de Loch Cluthmhar tá "Páirc na h-Uladh. Ní'l an pháirc seo ró fhada ó "Cill na Lárach." Tá cloch mhór sa pháirc agus clocha beaga in aice léi. 'Sé ainm atá ag na Béarlóírí ar an áit ná "Bishop's grave," ach p'cu go bhfuil Easbog curtha ann nú nách h-eadh is fiú an chloch d'fheiscint. Tá crois ar an gcloich agus mór-timcheall na croise tá dhá chearcil. Ní foláir nú gur cloch an-ársa é fé mar a thaisbéanann an dá chearcal. Cómhartha págántachta é seo, agus annsan taisbeanann an chrois 'na theannta go mbaineann sé le chríóstaidheacht.
- Tá oileán lastear den pharóiste timcheall ceathrú mhíle amuigh sa bhfairrge agus " Oileán Bríghde " an ainm air. Tugtar "Rabbit Island" leis air ag na béarlóirí. Deirtear gur chaith Naomh Brighid tamall d'á saoghal ann, agus go raibh tobar beannuighthe ann agus go ndeintí turasanna fé dhein an tobair sin .(leanann ar an chéad leathanach eile)