Scoil: A Cnoc Buí, Drom Dhá Liag (uimhir rolla 9588)
- Suíomh:
- An Cnoicín Buí Íochtarach, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dd. Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- SÍOGÁINTar éis bualadh an choirce cuireann alán feirmeóirí an gráinne isteach i "siogán," fé sin muna mbíonn spás acu sa sgioból.(Sceitse)Síogán - 12'
Deintear an siogán i gcuma cruiceóige. Ar dtúis cuirtear roinnt tuighe ar an dtalamh. Cuirtear cúpla mála anáirde ar seo.Deintear súgán reamhar, agus cuirtear timcheall an tuighe é i bhfuirm fáinne. Annsan cuirtear sraith dhíóbh anáirde ar a chéile; agus líontar an spás laistig leis an ngráinne d'réir mar bhíonn síad ag dul ar aghaidh. Is beag duine anois a bhféadfadh na súgáin a dhéanamh, toisc nách féídir leó an 'casadh' ceart a chur ann, agus leigfeadh sé isteach an fhearthainn tar éis a dhéanta.Is minic a fhágtar na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Diarmuid Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann