Scoil: An Caipín, Inis Céin
- Suíomh:
- An Caipín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Cruadhlaoich
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Caipín, Inis Céin
- XML Leathanach 155
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luighim sa leabaidh seo mar luighim san uaig
Deinim faoisdin go cruaidh leat a Dhia
Iarraim an Aspolóid ort a Íosa Chríost
Cuirim athcuinge cugat a Mhuire Mhaighdin gus a mháthair Ró Chomhachtach
Go dtugaidh tú an radarc ar do theaghlach onóireacht
Sollus na Soillse agus radarc na Trionóíde
Gus grásta na Foighne, in agaidh na h-éágcóra
* * * * *
Cros na n-aingeal sa leabaidh go luighfidh
Braon de'n grásta ó lár a croidhe 'gainn
Brat na bhFlaitheas go dtagadh 'nár dtimcheall
A thógfaidh ceo na bpeacaí seo din-neCabhair is grásta Dáil ó'n dTighearna
Cabhair gach lá gus mé dá iarraidh
Sacraimint h-aithrighe agus go neartuighid Dia linn
Coimrig m'anam ort, a Muire bain-Tighearna
Na h-aingle órda, is sine, is óige(leanann ar an chéad leathanach eile)