Scoil: An Chathair Mhór (uimhir rolla 13249)
- Suíomh:
- An Cnoc Rua Láir, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Chathair Mhór
- XML Leathanach 216
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Paidir 4
Árd Rí na n-Aingeal
Do cheannaig go daor sinn
D'Fhuilig é céasadh ar a gcrann go h-árd
Tarraingeacha na scillinge a trachta[?] a ghéaga
Agus an cleith lúdaigh daill
Ag dul thrí na thaobh deas
Thar cheann na cine daona
Á saoradh ar an namhaid.Paidir 5
A Míchil naomhtha glaodhaim ar t-ainm
A Eoin Bhaiste grádhaim thú
Táim a d'iarraidh cabhair oraibh do' mhanam
I gcóir an catha ná táinig
Nuair a bheidh an t-súil a dhunadh
Is a bhéal a leachadh [?]
Agus a meabhair ag imteacht go fánach
Mo cúis a glaodhach agus mo léas a caithte
A Dhia Mhóir saor-se mh-anam an lá san.Paidir 6
Luighim leis an Trínóid ró glórmhar
Leis an Mhaighdean Muire agus le Naomh Ióseph
An t-Aingeal cóinleachta agus déanamh treó dhom
Agus bhrat beannaithe na Maidne Glórmhar
An t-Uan trócaireach ag luighe ar leabaidh liom,
Agus Íosa ag eirú asta liom(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nora O' Sullivan
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Faisnéiseoir
- Mrs Mary Sullivan
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 88