Scoil: Lochán Mór
- Suíomh:
- An Lochán Mór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ab'eadh é leis. Thóg sé a thig féin, chuir sé an díon agus an slinn air agus dein sé gach aon nídh eile leis leaistig agus leasmuigh dhe. Dhéanfadh sé bád leis chómh maith leis an nGearalthach nó aon bháid saor eile; i ba mhinic a déin.
Pé scéal é, bhí sé féin agus Cáit Dhómhnaill Mhuirtí geall le h-aon aois. Thuiteadar i ngrádh le na chéile, i ngan fíos dá muinntir gan dabht.
Bhí fear eile 'na chómhnaidhe i mBiolarach darbh ainm dó Micín. Micín Dhómhinaill Thaidgh a tugtaí air an uair sin, ach ní chloisfeá air le fada an lá anois ach Micín na Ceárdchan. Ó Súilleabháin an sloinne atá air ach tá "Ceárdchan" mar leas-ainm ar an gclann san go léir.(leanann ar an chéad leathanach eile)