Scoil: Urhan (B.) (uimhir rolla 12259)
- Suíomh:
- Iorthan, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Urhan (B.)
- XML Leathanach 246
- XML “Scéilín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baintreach ann fadó agus bhí aon mhac amháin aici gurbh ainm dó Seán. Leath-amadán dob eadh é. Bhí sé ana láidir ar fad ach ní dhéanfadh sé puinn eile ach go n-íosfadh sé oiread le ceathrar. Dá mhéid a bhailoachadh a mháthair bheadh sé ithte ag Seán.
'Sead, ní raibh aon ní ag an mnaoi bhoicht chun Seán a bheathú agus dubhairt sí léi féin go gcuirfeadh sí as a slí i gcuma éigin é.
Aon tráthnóna amháin dubhairt sí leis dul agus an t-asal a bhí sa ghleann a ceangal. Bhí droch spioraid sa ghleann agus bhí 'fhios aici dá mbuaileadh sí le Seán go mbeadh deireadh leis.
Thóg sé leis an slabhradh agus chuaidh sé go dtí an ngleann agus sé an chéad nídh a bhuail leis na an spioraid i bhfuirm mná. Bhí sí annsan agus a d'iarraidh é mharbhú ach caith sé an slabhradh tímcheall ar a muineál nó go dtáinig sé go doras a botháin.
Dubhairt sé le n-a mháthair éirghe agus an doras d'oscailt dó. D'éirigh sí go leisciúil -(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Síothcháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cathair Choinn, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Shíothcháin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Choinn, Co. Chorcaí