Scoil: Béal an Chrobháin (uimhir rolla 11023)
- Suíomh:
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Cathasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)h-ainmneacha atá ar na daoine ós chionn a seachtmhó na Siobhán Ní Laoinsigh, Nóra Ní Chárthaigh agus Síle Ní Mhurchadha. Táid go léir i mBhéal an Chrobháin agus is féidir leó an Gáedhilg do labhairt go maith.
- Níl mórán toibreacha beannuighthe mór-thímcheall na h-áite seo. Tá cheann ins na h-Aodhraoí agus tugtar "Tobairín Beannuighthe" air. Fadó do thagadh mór-chuid daoine cun na h-áite ag íarraidh leighis d'fhághail. Do tháinig bean agus a mach cun na h-áite úair amháin. 'Sé an rud a bhí ar an mbúachaill ná do thagadh tinneas cinn ana throm air agus do chailleadh sé a mheabhair. Acht ón lá sin amach ní fhuair sé aon cheann aca. Tá cheann eile igCo. Chíarráighe agus glaodhtar "Loch Shan Chuínleáin" air. Téigheann na daoine ann gach bhlián cun turuis do chaitheamh agus deireann síad an guidhe seo.
"Go mbeannúighthear dhuit a Chuínleáin naomhta
Go mbeannuighídh Mhuire Dhuit agus beannuighím féin duit
Annso a thánagh ag ínnsint mo sgéala
Ag íarraidh mó leigheas i gcunntas Dé ort.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Aine Ní Úrdail
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Úrdail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Béal an Churraigh Bháin, Co. Chorcaí