Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí cailín ann uair agus do bhí sí na chómhnuighe i mbotháinín beag ar thaobh an bhóthair agus ní raibh aoinne ann leí ach aa Athair.
Do bhíodar ana bhocht agus ní thabharfhaidís pioc d'aoinne eile ach dóibh féin. Oidhche amháin do chuaidh an t-Athair ag sgoruidheacht agus nuair a bhí sé imthighthe leath an t-slíghe do chasadh fear air agus d'fhiafhruig an fear de cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag dul sgoruidheacht. Dubhairt sé leis gan dul ag sgoruidheacht in-aon-chor mar go raibh fear a tíghe ag fághail bháis agus ná raibh aoinne eile sa tig.
Do chuaidh sé abhaile agus d'innis sé do'n inghean chad a thuit amach agus dubhairt sí leis gur bréaga a bhí aige á ínnsint do.
Chuaidh sé a chodhladh an oidhche sin agus nuair a eirig sé ar maidin dubhairt(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- N. Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Céilleachair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68