Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ansan mar cheap sí ná gheóbhadh an Máthair amach cár imthig an bó in-aon-chor.
Do chuaidh sí isteach abhaile agus do thosnuig sí ag obair cómh cruaidh is do b'féidir leí.
Nuair a tháinig an tráthnóna do tháinig an bean abhaile cun an bó do crú agus rud éigin d'ithe.
Do tháinig an bean isteach agus d'fhiafhruig sí de'n cailín cá raibh sí nuair a tháinig sí féin isteach i lár a laé ach níor leig an cailín uirthe gur airig sí í. Dubhairt an cailín go raibh sí ag dul i gcóir an bhó agus do rith sí amach an doras agus níor airigheadh a thuille mar geall uirthe ó shoin.- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Chéilleachair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68