Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tamall mór ó shoin do bhí fear ann agus do bhí sé pósta agus do bhí beirt inghean aige.
Do bhí tig eile tímpeall leath mhíle uatha agus do bhí buachaill óg na chómhnuighe sa tig sin agus Seán mór a b'ainm do. Do bhí an buachaill ag faire ar duine de's na cailíní agus níor thaithn san in aon chor leis an t-Athair.
Oidhche amháin do thainig fear go dtí tig na cailíní ag sgoruidheacht agus dubhairt sé le duine de's na cailiní go ndéanfhadh sé cleamhnas di dá dteigheadh sí ag obair cuige ar feadh bliadhna.
Dubhairt an t-Athair go dtabharfhadh sé do í ach í thabhairt thar-nais airís cuige tar-éis bliadhna agus go gcaithfeadh sé dhathad púnt a thabhairt do féin.
Ar maidin lá'r na bháireach do chuaidh an cailín in-aon- fheacht leis an bfear agus tar-éis bliadhna do tháinig sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Chéilleachair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- Com an Ghadhair, Co. Chorcaí