Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuadar abhaile agus dubhradar leis na fir glic go rabhadar ag fághail bháis ach níor chreideadar iad in-aon-chor.
Dho chuireadar amach ag treabhadh ar an bpáirc iad agus nuair a tháinig aimsir dínnéir do chuaidh an bheirt ghlic amach ag glaodhach ortha ac bhíodar tar-éis bháis ar an bpáirc.
Ní raibh a fhios ag na fir ghlic cad a dhéanfhaidís agus do ritheadr trí míle ó'n áit agus chuadar isteach i lios agus chuadar ag obair.
Nuair a chonnaic na púcaí iad tháinig ana fhearg ortha agus do thógadar amach as an lios iad agus do mharbhuigheadar iad. D'fágadar istig sa lios iad agus táid siad ann ó shoin i leith.- Bailitheoir
- Brighid Ní h-Iarfhlaithe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Magh Réidh, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Síghle Bn Uí Mongáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 72