Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt fhear ag dul go dtí aonach i mBeanntraighe uair. Bhí capall is truchaill acu mar bhíodar chun banaí do cheannach.
Bhí páirt de'n bhóthar go mbeadh eagla ar gach aoinne a dul ann tar éis na h-oidhche a thuitim mar do [?]chídtí rud mar ghadhair i lár an bhóthar.
Nuair a thánadar go dtí an áit do stop an capall agus do chrom sé ar chrothadh.
Do tháinig na fir amach as an dtruchaill agus bhíodar id'iarraidh an capall do chur thar an áit agus tar-éis tamaill do ghluais an capall do.
Do bhí an capall ana-buillthe amach mar is dócha go raibh an sprid ar chúlaibh an truchaill an aimsir sin go léir agus do bhí sé sin ana-throm ar an gcapall.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire B. Ní Chéilleachair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- Tonn Láin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Nóra Bn. Uí Chéilleachair
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Tonn Láin, Co. Chorcaí