Scoil: Baile Mhúirne (C.)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Bhuachalla
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0561](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0333%2FCBES_0333_0561.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0333, Leathanach 0561
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Dómhnall an Óil Bean Uí Chríodháin
Do bhí fear ina chónaí i nGort-na Sgairte timpeall ocht mbliain ó shin agus is é an t-ainm a bhí air ná Dómhnall an Óil.
Is í an chúis gur tugadh an t-ainm sin air mar do bhíodh sé ag ól fuisce agus pórtair agus gach deoch meisciúil mar sin. D'ólfadh sé gach pingin a thuillfeadh sé.
Ní bhíodh aon airgead aige uaireanta. Do bhí sé pósta agus do bhí tigín beag aige agus do bhí (seisiúr) sa chlann aige, agus ní bhíodh aon rud le n-ithe acu uaireanta.
Aon lá amháin do chuaigh sé go Maghchromdha .in asail agus carr agus ní raibh aon rud le n-ithe ag a bhean agus a chlann sa bhaile agus ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís.
Fé dheire do chuimhnigh an bhean go dtógfadh sí an clann léi go dtí siopa agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- M. Ní Críodáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Críodáin
- Inscne
- Baineann