Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh (uimhir rolla 16210)

Suíomh:
Céim an Fhia, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Donncha Ó Súilleabháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Céim an Fhiaidh, Béal Átha'n Ghaorthaidh
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Áilteoireacht Mhicil Cachiarainn”
  4. XML “Mar a Ghoid Micil an Gamhain óna Athair chun Fiacha a Dhíol i dTig an Óil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Micil i n-Arrears i dtig an óil i mBéal Átha-'n-Ghaorthaidh agus gan aon fhághail aige air é dhíol. Connaic sé bhó ag a athair a bhí ar bruac beirthe. Bhrath sé go mbearfadh an bó istoidhche. D'eirig cun na bhó i lár na h-oidhche agus bhí an bó beirthe. Rug sé ar an ngamhain agus chuir isteach i gciseán é agus thug leis annon go tigh Sheáin Uí Chróinín é. Cheannuigh go slachtmhar i dtig na trucaileach é agus tháinig abhaile agus chuaidh a chodhladh. Ach i gcionn tamaill d'áirig an t-athair an bhó ag géimrigh. Ghlaoidh an t-athair ar a mhach Pádraigh chumh feachaint ar an mbuin. Chuaidh Pádraigh amach agus d'fhill sé thar nais. "An rug an bhó", adubhairt an t-athair. "Do rug", adubhairt Pádraigh. "Ciaca fhireann nó baineann an gamhain", arsan t-athair. "Ní fheadar", adubhairt Pádruigh. "Cadh na thaobh ná bheadh fhios agat é a amadáin", ar seisean."Mar níl sé fireann ná baineann ann", adubhairt Pádraigh. D'éirig an sean-buachaill go feargach agus amach leis do dtí an cró agus d'fheach ar an mbuin. Sin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Murchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Gort Luachra, Co. Chorcaí