Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor (uimhir rolla 6009)
- Suíomh:
- Rinn Ó Grianna, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Donnabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rinn Ó nGriana, Cuan Dor
- XML Leathanach 318
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear na chómhnuidhe i Ros ó Cairbre darbh ainm do Séamas Taylor. Bhí rith maith aige. Lá amháin bhí fiadhach ag na daoine uaisle a bhí mór-thimcheall na háite agus thugadar púnt mar geall do Shéamus agus do rith sé ó droichead Cill Robháin (leath slighe idir Ros ó Cairbre agus Clanna Caoilte) go tig cúirte i Ros ó Cairbre. Níor tháinig na gadhair suas leis ar feadh ceithre míle an bhóthair.
- Bhí fear laidir ann fadó agus sé ainm a bhí air na Conchubhair Ó Céarabháin. Chuaidh sé go Beanntraighe cun obair a dheanamh. Nuair a shrois sé Beanntraighe bhí leach mór ann agus níor bfheidir leo í thógaint ón dtalamh. Bhí cúigear ann agus níor bfhéidir leo cor a thógaint as. Dubhairt Conchubhair go dtógfadh sé féin ar aon láimh í, agus do thóg ar a láimh dheis agus chaith é sé ós cionn an claidhe isteach i bpáirc í. Níor maith leo an leach a bheith istig sa pháirc seo, agus do chaith sé thar nais arís í go fuadhrach.
- Do caith Conchubhar Ó Céarabháin cloc taob thiar de cuan agus do chuir sé í na seasamh i bhFaill na Seabhac (Faill i Rinn ó nGriana) Bhí an cloc fice tonna méacaint agus tá sí na seasamh ann(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó hAodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- Rinn Ó Grianna, Co. Chorcaí