Scoil: Raharoon, Droichead Banndan (uimhir rolla 12921)
- Suíomh:
- Ráth Sheathrúin Thiar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Máiréad Ní Shúilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair a bíonn na Fáinleóga ag eitily go h-íseal
Nuair a bhíonn na preacáin ag troid
Nuair a bhíonn na faoileáin ag eitily isteach ón bfhairrge
Nuair a bhíonn na géana ag gágarlaigh
Nuair a bhíonn creabhair chaocha ar na buaibh
Nuair a bhíonn an súgha ag tuitim anuas ón t-simné
Nuair a bhíonn solus gorm ins an teine
Nuair a bhíonn bogha leath ins an spéir ar maidin.
Nuair a bíonn an spéar dearg ar maidin.
Nuair a bíonn an cat in a shuidhe cois na teine
Nuair a bíonn an madra ag ithe fhéir
Nuair a bíonn go leor cuirmhíolta le na céile
Nuair a bíonn uisce ag tuitim ón bhfeoil guirt
Nuair a bíonn an beacha an leisceamhail
Nuair a bíonn glór na h-abhainn le cloisint.
Nuair a bíonn na sleibthe an chomharach
Nuair a bíonn na Franncaigh ag stríacaigh ins an bfhalla
Nuair a tagann ruadhán alla amach as líonradh
Nuair a bíonn spréacha dearga ar an gciotal.