Scoil: Baile Mhúirne (B.) (uimhir rolla 15346)
- Suíomh:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Donncha Ó Buachalla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Conchubhar (Íde) Aoide.Fadó do bhí rígh mór na chómhnuighe i gCúige Chonnacht agus rígh mór dob'eadh é mar sé an ainm a bhí air ná Conchubhar mór. Ní raibh aon ainm eile i n-aon naisiún ábalta ar aon lámh a dhéanamh de. Do choinnibh sé máighistreacht ar Chonnacht d'aimhdheoin go léir agus do bhí na daoine a bhí fé na bhun ana bhuidheach do mar fhear ana mhaith ab'eadh é.Do phós sé cailín ó Shasana agus bean ana mhaith ab'eadh í. N'aorbh fhios ciacu an rígh nó an bhannríoghan ab' fhearr dos na daoine bhíodar buidheach dóibh araon. I gcionn tamaill do bhí mac acu agus dubhairt bean feasa nó fear feasa leo ná béadh a thuille muirighin acu ach an mac agus go mbeadh an mac an uile phioc chómh maith don na doaine agus bhí athair agus a mháthair.Sé an ainm a ghladhadar air ná Conchubhar Aoide mar Aoide ab'eadh ainm a mháthar agus do ghlaodhadar ó'n athair agus ó'n a mháthair é. Do bhí gach aon tsaghas ruda a oir dos na daoine faid a bhíConchubhar na mháighistir ortha. Do chomáineadar leo agus i gcionn tamaill do bhí Conchubhar a' dul i neant agus do bhí a athair is a mhathair cruiceálta mar gheall air. Ní fhéadfaidís corruighe i n-aon áit gan an buachaill óg a bheith i n-aon fheacht leo. Do bhí na daoine go léir chómh cruiceálta mar gheall air agus bhí a athair is a mháthair.(leanann ar an chéad leathanach eile)