Scoil: St Theresa's, Coachford (uimhir rolla 14022)
- Suíomh:
- Cluain Téide Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Timothy Forde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear criona ag dul cun báis agus bhí aon mhac amháin aige gan pósadh. Bhí an mac san ag suirighe le beirt bán. Baintreac a b’ead bean aca agus bhí stoc is stor is oll mhaitheas aici agus a clann tógtha aici. Cailin óg da thamhail a b’eadh an bhean eile na’ raibh spre na faghal thas aici.
Ba mhaith leis an mac comhairle a atar do bheith aige sar a bfaghfadh an t-atair bás agus do chuir se an ceist cuige mar seo :-
Ta dís bhan ag sior- cur buartha im ceann
Ta ba caoirig ag mnaoi aca cruacha is clann
Ta dhá ros mhin ag mnaoi aca na gcuaca leabhair
‘Sa a dhaoine, an fhios díbh ciaca is snuachar ann.Do labhair fear na leaptha mar leanas
A mhic a chroidhe istig, má bhionn do snuachar ann
Leig-se díot an crion- bean do tóg a clann
Cuir do chroide ins mnaoi na gcuaca leabhair
Go bfuil a dá ros mín mar fhír- uisge fhuar i ngleann.- Faisnéiseoir
- Tadg Ó Murchadha
- Inscne
- Fireann