Scoil: St Theresa's, Coachford (uimhir rolla 14022)
- Suíomh:
- Cluain Téide Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Timothy Forde
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Do chomhnuig fear i gCill-Mhichíl (in-aice Magcromta) gur bh'ainm do Stiophna na Bréide...”
Do chomhnuig fear i gCill-Mhichíl (in-aice Magcromta) gur bh’ainm do Stiophna na Bréide. Bhí buachaill aimsire aige go nglaodtaoi Concubar Bán air. Bhí filideacht ag Stiophna agus bhí beagan di ag Stiophna leis. Bhí cailin aimsire ag Stiophna gur b’ainm di Sile bhat. Do bhuail tinneas cinn bean Stiophna agus ni raibh sí ábalta eirige ar maidin cun na mbo a chrudadh. Bhí bo aige gur bh’ainm di “Smólac Mhór” agus ní leog fad sí d’aoinne i do chrudadh act an maigistreás fein. Is gnathac gur amuigh a crudhtai beitidhigh an uair sin. D’eirig an cailin cun na mbeithideac do chrudadh agus ‘sí an “Smolac Mhór” an cead bhó a thug sí faoi. D’iompuig an bhó uirthi agus do rit an cailin agus an bhó na diaidh. Do rainig go raibh Stiophna tar eis eirighthe agus do connaic se ag rith on doras í agus an bhó na diaidh. Do dhein se deithneas i chosaint ón mbuin do bhí Concubar ag romhar ar agáidh an doruis sa clós.
Tráthnóna an lae Ceadna do sín Stiophna le h-ais na teine faid is do bhí na prataí á mbeiriughadh agus do chan se mar leanas :-
Ar mhaibin indiu ar mh’eirighe dom
is me ag amharc ar an spéir
Ce chidhfinn cugham an stuaic an deas
Ac an bhean dob’ culne sgéimh
Agus mhile luth ‘ci isglaodh
Agus Smolac mhór na diaidh ar drag
Le Fainne Geal an Lae.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Tadg Ó Murcadha
- Inscne
- Fireann