Scoil: Cnoc na Groighe (B.), Ráth Mhór (uimhir rolla 1685)
- Suíomh:
- Cnoc na Graí, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Diarmuid Ó Muimhneacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Local Songs (ar lean)
“Once down is no battle no matter about it”
(ar lean ón leathanach roimhe)Beidh sgéal uaim láithreach ag tríall ar na saothair, is a’tríall ar mo bhráthair
Sé Dáth [1] na gCrann Ré [2] amuigh teacht annso amáireach
Beidh gárda bhreágh shaor ann, beidh Galbhín agus Daly
Agus ardóchaidh siad taobh de
Beidh císte maith eórnan ar scaffail gach ló
Agus braon d’uisge bheathaidh; sé is feárr dá bhfuil beó
Beidh píosa maith-cúmhra de chúl muiche méithe ann
Agus inniteacht dá múchadh le lún ó Geméca
Sí an chúirt seo Seáin Aerigh[3] tá déanta go súidhte
Dhá storey fé thalamh, trí scaffail ar aoirde
Cloch geárrtha ó Clancy agus móhogony mar adhmadh
Agus slínge ó Chéim Charraigh go blasta a’ tabhairt greim (air) dó.Beidh aol o Theamhair á ghealladh go bhreádh
Agus seimné cloca ‘mach tré na chorp lár
Brích ó Mountráithe á tarrach go mbáid [4]
Níl teastail fear bóthair O Eóchaill go “Lighthouse”[5]
Ná fiafhróchaidh de’m chómharsain, cé cómhnuigheann sa teaghlach
‘Sé Seán Bán Mac Gearalt gan dabht ag chur ceann air------------------------------------------------------------------
[1] Dáth = Daithí Ó Gailbhín a bhí na chómhnuidhe i [2] gCrann Ré in aice le Baile Deasmhumhan
[3] Seán Mac Gearalt féin [ 4] go mbáid = á dtabhairt ann ins na bádaibh
[5] Lighthouse = áit ar an dtaobh thuaidh de Bhaile Deasmhumhan(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Líam Ó hÍarflatha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Shíothcháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 86
- Seoladh
- Cnoc na Graí, Co. Chorcaí