Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír (uimhir rolla 3269)
- Suíomh:
- An Ladhar, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Halladáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ladhar (B.), Bán-Tír
- XML Leathanach 428
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Caoineadh é seo a cheap bean ó'n dtalamh fóghanta d'á drifír a bhí pósta sa tsliabh.”
Caoineadh é seo a cheap bean ó'n dtalamh fóghanta dhá drifír a bhí pósta sa tsliabh. Tháinig sí go dtí an tórramh nuair a fuair an drifiúr bás agus sidé thíos a dubhairt sí os cionn an chuirp. D'oir di a chur i n-úil do mhuinntir an tighe ná raibh pioc sa tsliabh ach naoscaig agus gur ceart an sliabh d'fhágaint fútha agus talamh níos fearr d'fhagháilMo chara is mo laogh thú
Is ní fheadar i n-aon chor
Cad do sheól chun sléibhe thú
Ag cur cogaidh ar noscaigh
Nó ag baint a gcirt féin díobh.- Bailitheoir
- Pádraig Ó h-Áilleadáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Ladhar, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Denis Bowler
- Inscne
- Fireann
(gan teideal)
“Bhí coiscreachán fé leith i gcóir na bpaidreach ag na daoinibh críonna:-”
Bhí coisreachán fé leith i gcóir na bpairdreach ag na daoinibh críonna:- I n-ainm an Athar naomhtha atá ar Neamh
I n-ainm a Mhic a fhuiling A phás
'Mhaighdean Mhuire táir im' choinnibh
Agus a Mhichíl Naomhtha glaodhaim tú ar láimh
Agus beir m'anam saor leat ar uair ma bháis
- An coisreachán fada a thugaisís ar seo.