Scoil: Araglin (B.), Cill Úird (uimhir rolla 9247)
- Suíomh:
- Airglinn, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Mothair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)na bhpictiúiri fé lathair. Bhí an t-Aifreann dá rádh innte go dtí deire na h-ochtmhadh aoise dheag.
Le linn an t-eirige amach sa blian 1798 bhí buidhean des na Heissians sa t-sráid Ar an gCead Domhnach tar eis teacht isteach doibh chuadar go dtí an Sean Mainistir cun Aifrinn d-eisteacht. Nuair a d'árduig an sagart an Sacraimint Naomhtha do phreabadar go leir na seasamh agus do bheannuigeadar E le na ngunnaí mar ba gnathach leo.
Do bainedh an-geith as na daoine, agus do thugadar sgaird go dtí an doras, mar do cheapadar go raibh droch-fhuadar fe's na saighdiúirí. Do marbhuigeadh beirt do triúr a deirtear.
Sa blian 1580 do cuireadh Padraig Conndún as seilbh ma gheall ar an [?] a thug sé do Iarla Deasmúmhan agus bhí sé i bpríosún in aonnfeacht le Aodh Ruadh Ó Domhnall.
Nuair a fuair Muinntir Caomh an lamh uachtair an lamh uachtair ar M. Dúagáin is go Araiglinn a theicheadar.- Bailitheoir
- Liam Ó Mothair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún gCoileáin, Co. Chorcaí