Scoil: Ráth Chormaic (C.) (uimhir rolla 1878)

Suíomh:
Ráth Chormaic, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Máiréad Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0381, Leathanach 458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0381, Leathanach 458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráth Chormaic (C.)
  2. XML Leathanach 458
  3. XML “Carraig an Aifrinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall ceithre míle siar ó Mhainistir Fhear Maighe (?) tá sean-charraig staireamhail ar bhrollach an tsléibhe, agus í clúduighthe le fraoch is le caonach. I n-aimsir na bPéin-Dlighthe is mó uair adubhrathas an t-Aifreann ar an gcarraig chéadna agus go dtí an lá indiu féin tugtar Carraigh an Aifrinn uirthi.
    Chífeá gach aon phioc de'n dúthaigh timcheall ort is tú ith' sheasamh ag an gcarraig agus mar sin b'fuirist do lucht éistighthe an Aifrinn ann fadó an námha d'fheicsint in-amh.
    Tá an áit deisighte is maisighte go mór le déidheanaighe. B'ailigh sluagh mór daoine ann Lughnasa 21adh (?) thug sagart an Choróinn Mhuire amach, agus bheannuigh sé an áit. Sé is dóichighe go mbeidh pátrún ann gach aon bhliain eile, i gcuimhne ar dílseacht na nGaedheal d'a gcreideamh.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cáithríona Ní h-Uighinn
    Inscne
    Baineann