Scoil: Baile Choitín (B.) (uimhir rolla 16109)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh aon ceardcha im Bailechoitín ríamh. Dhá mhile on áit seo tá ceardcha agus ceann iarainn uirthi. Ar thaoib an bothair ata sí suidhte. Ní raib aon ceardcha ann roimh é sin.Tá teine mór inte agus builg. Deineann an gabha crúidhte agus cuireann se fé capall íad. Ar dtúis gearran sé piosa iarainn agus cuireann sé insan dteine cun é a lubadh.Ansan beireann sé greim ar le teanncair agus cuireann sé isteach sa teine arís cun é a bogadh. Beireann se gréim ar agus cuireann se ar soc na hinneona, cuma ceart a cur air. Cuireann sé seacht bpuill ar.Ceitre cinn ar taoib amháin agus trí cinn ar an dtaoib eile. Buaileann sé na tairngí isteac. Nior chuir sé crúaidhte fé bhuaibh no fe bhallanaibh riamh.San Samrad tá obair cruaidh(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Domhnall Ó Ceinnéide
- Inscne
- Fireann