Scoil: Baile Choitín (B.) (uimhir rolla 16109)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Liam Ó Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá, alán scéalta crábaidh ag na Gaedhil. Deirtear go bhfuil crois ar mhuin an asail. Mar nuair a bhí Naomh Mhuire agus ár Slánuightheoir ar mhuin an asal a dul go dtí "Egipt" bhí figúir na croise fághtha ar a mhuin.Deireann na daoine go bhfuil gob aisteach ar einín ar a dtugtar "cros-gob" mar nuair chéas na Giudaigh Íosa Críost ar Aoine Céasta agus nuair a bhí ár Slánuightheoir tairnighthe ar an gCroich aca dimthig siad abhaile. D'fhág siad an Chroc in a seasamh agus Íosa Céasta uirthi. Tar éis tamaill tháinig an t-éan beag san thart. Chonnaich sé Íosa Céasta ar an gCroic agus bhí truag mór aige Dó. "Saorfaidh mise Thú a Iosa" ars' an t-éan. Dhein sé iarracht agus iarracht eile leis na tairngí a tharraingt amach as corp Íosa le na ghob. Acht bí na tairngí ro mhór agus ró-láidir agus theip air iad a tharraingt amach. Ní raibh a ghob sáthach láidir leis na tairngí a tharraingt. Dhein sé iarracht(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Seoirse Ó Rignigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 8
- Seoladh
- Baile Choitín, Co. Chorcaí