Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)
- Suíomh:
- Baile Choitín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Caitlín Ní Rignigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- "Oidche Nodlaig". Lasann na daoine coinneal mór agus cuirtear ar an mbórd é agus deineann siad é do mhaisiú le cuileann is éidhneán in onóir don leanbh agus cuireann na leanbhaí a stocaí ar bun an leabthan le súil go dtiocfad San Nioclás chucha le féiríní."Lá 'le Stiobhán". Ar La 'le Stiobhán téigehann scatha buacaillí óga o thigh go tig le cráobh cuileann agus dreóilín air agus íad ag gabháíl amhrán agus ar d'íarraidh airgid ar bhean an tighe."La Coille". Ar La Coille deineann bean an tighe císte mhór agus caitheann sí i gcoinnibh an dorais é í dtreó ná bheadh aon ocras ins an tig í rith na blíadhna, agus úaireannta bíonn na daoine go imshníomhach féucaint conus a bheadh an gaoth ar séide agus más aníar a beadh sé bheadh blían maith ag na Gaedhil agus má's anoir a bhead sé, bheadh blían maith ag na Sasanaig. Is gnáth leis na daoine dul ó áit go h-áit ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Sleimhne
- Inscne
- Baineann