Scoil: Baile Choitín (C.) (uimhir rolla 16110)

Suíomh:
Baile Choitín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Caitlín Ní Rignigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 109

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0394, Leathanach 109

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Choitín (C.)
  2. XML Leathanach 109
  3. XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó do bhí éolas maith ag na sean daoine i dtaobh na h-aimsire agus do bhíodar abalta gach rud d'innseint in a thaobh. Deirtear gur cómhartha fearthainne nuair a thuiteann an t-sughaidh anuas an t-simné. Nuair a thagann na caoirig anuas ós na cnochaibh deirtear go mbíonn stuirm ag teacht chúghainn. Nuair a cídtear an deathach ag dul síos go dtí an talamh go mbíonn feathainne ann agus nuair a bhíonn sé ag ful go h-ard ins an spéir deirtear go mbíonn an sioneann ann.
    Nuair a bíonn na h-éanlaithe ag teacht isteach on bfairrge go dtí an talamh deireann na sean aithreacha agus na sean máithaireacha go mbíonn droch aimsire ann. Nuair a bhíónn an spéir go dearg agus an grian ag dul fé deirtear go mbíonn sioneann ann. Má cídtear na géana ag eitilt ins an spéir go mbíonn an sioneann ann. Má cidhtear an madra ag ithe féar go mbíonn an sionann ann. Má bhíonn ceó bhóthar ag imtheacht leis an gaoth deireann na daoine go mbíonn gaoth árd ann. Deirtear gur thuar an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge