Scoil: Ballintotas (uimhir rolla 15165)
- Suíomh:
- Baile an tSóitéasaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an scoil suidhte leath-mhíle nó mar sin ar an dtaobh teas de'n bhóthar mór ó Mhainistir na Coran go h-Eochaill - trí míle slighe ar an dtaobh thoir de Mhainistir na Coran, agus agus dhá mhíle slighe ar an dtaobh thiar de Bhaile na Martra. Ceanntar mín cómhréidh atá annsan, agus do dhuigfí ó's na h-ainmneadcha atá ar bhailte fearauin sa cheanntar fé láthair go raibh an machaire go dlúth fé choilltibh san allódh.Gairid do'n scoil tá loch agus baile fearann, ar a dtugtar Loch a Doire (Loughadeerra), (The lake of the oak wood). Ní'l le feicsint anois ach foth-chrann daraighe suarach.Láimh leis an loch san ar an dtaobh thuaidh, tá baile fearann eile ar a dtugtar Cnoc na Stúmpán, (Stumphill). A líonmhaire 's a bhí stúmpaí na gcrann ann fé ndear an ainm sin.Thuigfí leis na h-ainmneachaibh seo thuas go dtáinig meath ar na coilltibh ar chuma éigin sa cheanntar so, agus gur dóichighe gur deineadh scrios ortha os na coigcríochaibh, mar deineadh i gceanntair nach é.(leanann ar an chéad leathanach eile)