Scoil: Ballintotas (uimhir rolla 15165)
- Suíomh:
- Baile an tSóitéasaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Tadhg Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Ballintotas
- XML Leathanach 307
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí talamh na dúthaighe sin go léir i seilbh Tighearna Talmhan amháin, b'iongnadh leis cé'n ceann de trí pháirceanna ba thorthamhla. Do cheap sé go dtriallfadh sé achar fé leith ins na trí páirceanna fé'n mbarra chéadna. Dhein sé an t-achar do thomhas agus chuir sé an síol. Sa bhFoghmhar dhein sé toradh na dtrí bpáirc do thomhas agus fuair sé amach mar sin an pháirc ba thorthamhla. Garrdha Bhuaidh a thug sé mar ainm ar an bpáirc sin as san amach - Fuair an garrdha san an buadh ar an dá cheann eile. Sean-Gharrdha, a thug sé ar cheann eile, agus tá an áit sin míle nó mar sin ar an dtaobh thiar de Gharrdha Bhuaidh. Níor bh'fheas i gceart do'n scéaluidhe cá raibh an tríomhadh gharrdha suidhte, ach go raibh tuairim aige go raibh sé tamall ar an dtaobh thoir de Gharrdha Bhuaidh láimh leis an dtráigh.
- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Foghludha
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ard na hInse, Co. Chorcaí