Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 240

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Leathanach 240
  3. XML “Cormac Phártholáin”
  4. XML “An Drisceolach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. De shíol na seana Dhrisceolach gceart dob eadh iad súd. Ceithearnaig ar nós mhuintire Dhomhnail Uí Chonail dob eadh iad. Talamh ó Thiarna mór acu agus cíos á dhíol leo as, ag tineóntaithibh. Bhí cuid acu droch-iompartha agus ínstear scéalta nách ar foghnamh mar gheall ortha. Bhíódar i gcoinnibh Reipéil agus cé gur leanadar don Ghaoluinn agus don Eaglais, ba chuma nú na Sasanaig iad ar dhéine agus ar chúrsaí eile.
    Bhí file ar an áít seo agus dhein sé bhéarsaí á gcáine. Bhí sé á gcur i gcomparáid leis na fearachain do bhí ann dhá chéad bliain roimis sin - agus ba "náa slán a' comórtas" aige é. D'airig an Drisceolach Mór é agus bhí sé ar lorg an fhile ar feadh tamail. Fé dheire tháinig sé suas leis ar an mbóthar agus fala ád ar gach taobh de. An Drisceolach ar muin capail agus fuip throm 'na láimh aige, agus bríse bán air.
    Chuir sé an capal treasna an bhóthair roimis an bhfile, agus an fhuip ar tarrac aige.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Súsán Ní Chárthaigh
    Inscne
    Baineann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Diarmuid Mac Cártha
    Inscne
    Fireann