Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Leathanach 242
- XML “Bell Shéipéil Chatharach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do théigheadh mórán fear óg ó Phroíste Catharach síos amach fadó 'na spailpíní fánacha. Cábóga is mó a tugtí ortha.Bhí cuid acu ag obair thoir i dTiobrad Áran i mball éigin agus an Domhnach so d'áirithe agus íad ag dul ar Aifreann bhí an sagart 'na sheasamh sa gheata rómpa.Bhí Bell nó ( = nuadh ) curtha suas aige agus ceol á bhaint as ag fógairt an Aifrinn. Bhí an sagart máimineach, maoiteach as. Ba mhaith leis gach éinne bheith á mholadh mar bheil; mar ba bheag seípéal Caitilicí go raibh Bell mór ann an uair úd."Seadh a bhuacaillí ainiar," ar seisean a' gualúis riamh Bell chomh binn nú chomh laídir leí sin."Níor mhaith le muintir Phroíste Catharach aadmháíl go mbeadh éinní san áit sin a bhéarfadh bárr áig ar a bproíste feín: agus do labhair duine acu."Airiú ná bí a luadh a Athair," adubhairt sé "Tá Bell againn-ne sa bhaile a cloistear ó sheípéal na Cillíneach Leíthe go Portaí Catharach.
"A Thiarcais," arsan sagart, "Ní flaír nú(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Súsán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Diarmuid Mac Cártha
- Inscne
- Fireann