Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Leathanach 247
- XML “Dó na Coille”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nú ag iúmpar málaí leathair
Agus gan gnó aige 'na mhaor
Thug sé bliain dá faire
Bhí súil aige le rachmus
Ach cuirfar a cheann ar spara
Agus cáithfar leis na p'léír
Mar gheall ar an bpráta ngarbh
Do sciob an mac ón athair
Siúd í an choill ar lasa
Agus do gháireadar go léir.
(Deir Pádraig Ó Conail Oide Gaedhilge, Midhe-Ros liom nach í Coill Loch Adhain do loisceadh ach Coill Rátha a Bharraig (Castlefreke - taobh thoir de Ros ó gCairbre)A gcualaidh éinne á maireann
A leithéid de scannra creachta
Coill an Tiarna ar lasa
Bhí fé bhláth ag an maor
Mar gheall ar phráta garbh
Do sciob an mac ón athair
Siúd í an choill ar lasa
Agus do liúghadar araonNuair tháínig an chuach abhaile
Thuit sí i mbrón a's i mairg
Nuair a fuair sí gur lasadh
An choill fhág sí fí réímDubhairt an t-éinín caoinleachta a' freagairt
Ná labram di a's ná garam
Ach triallaimís abhaile
Go h-árus na n-éanBhí cumha mór brón - a's mairg
Ar Thiarna Ráth a Bharraig
Nuair fuair sé gur cailleadh an fheárnóg s an déíl
An beech a a bhí na seasamh
Go díreach áluinn fada
A's gach crann breagh den daraig
Bhí ag fás len a taobh
Do thugadar na beachaig
A malalcht ar h-annrí Peanair
Do dhóigh ortha a gcuid meala
Bhí i mbróntaibh sa bhfraoch
Níor thaiside é don lachain
A's an giré do bhí na leabaig
Siúd comhartha air len a Shaoghal(P O'C)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Conail
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Míros, Co. Chorcaí
- Bailitheoir
- Súsán Ní Chárthaigh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Drisceoil
- Inscne
- Fireann