Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Leathanach 257
- XML “Sliabh na mBan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mícheál Ó Caoimh do cheap.1.
Do réir mar chanadar na faíghe naomhtha
D'fhág an saoghal so a's do chuaidh ar neamh,
Tá an téarma caithte againn san ochtú haon so
Gus é geallta 'o Ghaolaibh go bhfaighid siúd ceart:
An dream do bhain an Malacof ón a chéile -
[As] le fórsaí an Phéidmont do raob Redan[?]
Beidh ag taisteal chughainn gan mhoill go hÉirinn
Sealad ag pléireacht ar Shliabh na mBan. 2.
Tá Waterguards go cráidhte brónach
Agus 'e bhárr an chósta ní bhfaighid siúd breab
Beidh Giberáltar a's a ghárdaí tógtha
Gus an flít seo Sheoirse a chur thar n-ais.
Tiocfaidh thar faraighe foreign whéat chughainn
Beidh plúr na h-Éireann dá dhíol ar leath,
Beidh druma a phléasca agus beaind ag pléireacht
Agus meidir á dhéanamh ar Shliabh na mBan.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Donobháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí