Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Leathanach 268
  3. XML “Séipéal Leasa Laoi”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    nuair a tógadh é. Tá Lios Laoi i mBarracha Ruadha Thoir. (Nóta ag Seán Ó Donobháin)

    Séípéal Leasa Laoi

    (1)
    Maidin bhog gréine a's me ag taisteal am' aonar
    Ar an mbaile go nglaodhaid siad Lios Laoi air,
    Gur me ag machnamh liom féinig ar bhear taib (?) an tsaoghail seo
    Agus ná tagan liom léighe ortha puinn:
    Seadh chonnac an séípéal dá thréan-chur chun cínn,
    Den Eaglais naomhtha nár shéan Creideamh Chríost
    Cé gur baisteadh air "Lady," mar mheasaim ní bréag é,
    Mar a shamhail ní léír dom sa tír.

    (2)
    Is duine tá ar strac me a's is fánach mo stéision
    Cois Banna, Cois Éirne, cois Laoi.
    Siar go hUíbh Ráthach, seadh ritheas den (?) sin
    Agus seal i gCill Áirne seadh bhinn.
    Gach baile dá dtéiginn ann, do dhéanainn ann moill
    Gur ag amharc ar shaothar na saor iseadh bhínn
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Lios Lao, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Seán Ó Donabháin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí