Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- Suíomh:
- An Sciobairín, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mícheál Ó Cuileannáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
- XML Leathanach 272
- XML “The Late Found Out”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mícheál Ó Caoimh do cheap. Tig tábhairne a bhí ag Crois Neil a' tSéín, ar an dtaobh thuaidh de Chrois Shaim, gur tugadh an ainm sin air. Bean de Mhuintir Choileáin d'oscail an tigh sin agus is deallrathach gur de Chlainn Choileaín ó Dhoire Luain í. I bParóiste Chaisleáin na Gaoithe atá Crois Neil a tSéín.Bhí tig tábhairne eile sa Ros Mór ar a tugtaí "The Old Found Out."
(I)Tá filí magaidh ag ceapadh ránnta
Do thighthibh tábhairne - ar a bpágh gan dabht
Agus is moladh maribh é ar a lán díobh
Mar is olc le rádh íad ar fuid an domhain.
Bíonn uisce díge ann dá dhíol 'na chártaibh
Nuair a mheádhchaid a bhárr gan mheabhair
Ach i gCaisleán na Gaoithe tá an bhean mhacánta (?)
San tig seo go ndeárnas - "An Late Found Out."
(II)Ní peann ná dubh do-bheircongnamh domhsa (?)
Meabhair ná eolas len' a gceapfainn rann
Ach a rith sa bhfuil chugham le toile Rí na Glóire
Mar is iad a chomhachtaibh is fearr mar chabhair (?)
Is cuimhne glan dom ar thosach mh óíge(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Donabháin
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile an Chaisleáin, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Mícheál Riocaird Ó hAodha
- Inscne
- Fireann