Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 293

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 293

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach, An Gleann; Midhros, Cill Mhic Aibia agus Cill Fachtna Beag
  2. XML Leathanach 293
  3. XML “Cuid de Thuireamh do Cheap Conchubhar Ó Dálaigh ón mBaile Uachtarach”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    An bhean so d' áirithe, is amhlaig bhí sí ar craochaibh - glan as a meabhair. Bean aníos ó Luimhneach dob eadh í, mar chualadh (adh = ag).
    Bhí an tEaspog ar cuaird ag an Athair Seán an lá so dh áirithe. Bhíodar ag spaisdeoireacht ar an mbóthar agus ch'nucadar chúcha í seo agus í nochtuithe ar an mbóthar puiblí - í tárnocht gan snáth uirthi. Thuigeadar gur bean ar gealthaig í. Bhíodh ag t-easpog ag cos an Athar Seán i dtaobh bheith ag leigheas daoine, ach nuair a chonaic sé an léibis bhocht sa driuch na raibh sí ghlac truagh dhi é.
    "Leighis í sin anois má seadh," ar seisean. Do tharaing an tAthair Seán leabhar as a phóca agus dfháisc ar bheith á léíghe. Ach b'é céad rud a dhein sé ná a chasóg féin do bhaint de agus í chasa timcheall uirthi. Tréis beagán léightheoireachta tháinig sí chúichi féin beagán, mar ghlac náire í, agus bhí sí ag druidim ar gcúl uatha diaidh ar ndiaidh.
    Nuair a bhí deire leis an léightheoireacht aige bhí a meabhair shaoltha aici, agus bhí sí go maith as san amach - cé ná raibh aon strus riamh uirthi.
    Thug an bhean san seachtmhain idtig mo sheanathar ar an mbaile seo 'na dhiaidh san.
    Ní rabhas ann an uair sin - ní nách iongna - ná aon chuimhreamh orm.
    R. de Búrc
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mícheál Ó Cuileanáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Rándal de Búrc
    Inscne
    Fireann
    Aois
    73
    Seoladh
    An Baile Uachtarach, Co. Chorcaí