Scoil: Ballyloghane, Caisleán Nua Thiar (uimhir rolla 8783)
- Suíomh:
- Baile an Locháin, Co. Luimnigh
- Múinteoirí: S. Condún Úna Nic Ádhaimh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Táim im comhnuidhe i mBaile Uí h-Eidhin. Sé an fáth go bhfuil an ainm sin ar an áit ach go raibh muinnitir Uí h-Eidhin ina gcomhnuidhe ann fadó. Tá isteach is amach le ceithre fichead de líontighe ins an áit sin, agus thimcheall le céad daoine. Do bhí níos mó tighthe ann fadó, na mar atá ann anois. Ceann slinne is mó atá ar na tighthe anois.Níl ach cúpla shean-daoine in-a gcomhnuidhe ins an áit sin, agus is féidir leo scéalta Béarla d’innsint. Tá aithne agam ar bheirt duine acu. Seo sios na h-ainmeacha atá ortha. Diarmuid Ó Suilleabhaín. Baile Uí h-Eidhin. Caisleán Nuadh Thiar. Bhean Uí Mhuirtuille. Baile Uí h-Eidhin. Caisleán Nuadh Thiar. Cuaid alán daoine go dtí Mheiriocá ‘san t-sean aimsir as an áit sin. Talamh fóghanta atá ann. Prataí agus coirce is fearr a thagann ann. Níl aon loc ann, ach tá cúpla srutháin. Níor chualas aon amhrán a bhaint leis an áit, agus níor chualas aon sgéal ar na srutháin atá ann ach an oiread.Máire Ní h-Éalaidhe, Baile Uí h-Eidhin
- Bailitheoir
- Máire Ní h-Éalaidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Eidhnigh, Co. Luimnigh