Scoil: Carrickerry (B.) (uimhir rolla 11280)
- Suíomh:
- Carraig Chiarraí, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Seán Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carrickerry (B.)
- XML Leathanach 396
- XML “An Tiarna Talún”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thaobh, tá an gráin san tuillte go maith aige. Níltear ag paidreóract ar a shon pé ar domhain é agus de réir mar a chloisim is minic a cuireadh mallactaí go tuigh anuas (air) ar mhullach a chinn. Tá sé imthighte anois, ach is mór an trúagh go maireann droc ghníomharta na ndaoine taréis bás dfágail dóibh féin.
Ní raibh "John C" i bhfad 'na Thígearna Talmhan ar an áit núair do dhein sé cíos gac feirme beagnac do-dhúbailt bhí an (saoa) saoghal crúaidh go léir ag na daoine sar a tháinig sé ach bhí an donas ar fad ar an scéal 'na díaidh san. Gac aon uair a gheibhead sé an seans dhéineadh sé an cíos d'árdú.
Sar an cuireadh Cumann na Talmhan ar bun do bhailighead sé na tionóntaithe i bhfocair a chéile agus labhradh sé leo mar labhrfhadh sé le sclábhuíthe criocnuighthe. Thugadh sé óráid dóibh ad iarraidh cur na luinghe ortha. Nár leo féin na casóga a bhí ar a ndromaibh ach leis féin. Cífeadh sé chuige so mbéigin dóibh saothrú sa tslíghe gur mhaith leis féin. Uair amháin thug sé mar shampla dóibh an sórt oibre go mbeadh coinne aige leis-sé sin: bean cosnoctaithe, aoileac i gciseán aice ar a drom agus í ag obair mar d'oibríochadh capall nó asal. B'e sin an sampla a thabharfhadh sé dos na tionóintaithe. B'é sin an slíghe a mhol sé dhóibh an cíos do dhéanamh.
Is minic a bhailig na tionóntaite timcheall air ag a "Shooting Lodge", é féin suidhte ag an mbórd agus gunna beag (Revolver) in gach láimh aige (aige) chun a thaisbeáint is dóca ná raibh eagla air go lámhacfaí é - bheadh an cuid ba(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig O Néill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Gleann Searúill, Co. Luimnigh