Scoil: Broadford, Ráthluirc
- Suíomh:
- Béal an Átha, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Ss. Ó Guagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Broadford, Ráthluirc
- XML Leathanach 075
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Drom Chollchoille ainm an Pharóiste seo anois.”
"Dromchollchoille" ainm an pharróiste seo anois. Sé an sean ainm a bhí ar an áit ná "Cill-Achadh-Ó Líatháin" - go dtí cúpla céad bliadhain ó shoin. Tá fothrach de shean séipéal timcheall míle ar an dtaobh theas den tsráid. Is ann a téighidís (?) muinntir na h-áite seo ag éisteacht Aifrinn. Is mar seo a fuair an áit a h-ainm. Bean naomhtha de mhuinntir Ui Líathaáin a bhí na comhnuidhe sa duthaigh seo. Ba thoil léithe teampall cun Dé do bhunghadh. Bhíodh sí ag guidhe de shíor áit don teampall do theasbáint di. Tugadh freagra ar a guidhe sa t-slighe seo. Oidhche airighthe i dtosach an t-samraidh thuit cioth trom sneactaig. Bhí gac aon áit fé brat bán act amhaín páirchín bheag a bhí i seilbh na mná so.Ghlac sí sin mar chómhartha. Tógadh an teampall annso. Tháinig an t-Easbog. Coisrigheadh é, agus cuireadh fé chomairce na Maighdine Muire é, fé theidiol,"Muire na Sneachta"
Dóigheadh an teampall so. Níor ath-tógadh é. Acht nuair do thógadh séipéal annso, céád(leanann ar an chéad leathanach eile)