Scoil: Broadford, Ráthluirc
- Suíomh:
- Béal an Átha, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Ss. Ó Guagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Broadford, Ráthluirc
- XML Leathanach 077
- XML “Béal an Átha”
- XML “Bailte Fearainn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Thiar le h-ais an droichid - ceeathrughadh míle as so - bhí an chéad "Beal an Átha" suidhte, act thóg fear gnótha an tiagharna talmhan, a bhí 'na chomhnaidhe sa chomharsanacht, roinnt talamhan ar chíos ann. Thóg se roinnt tighthe ar an dtalamh, agus chuir sé ar chíos iad. Tugadh an sean ainm "Beal an Átha" ar an tsráid nua. Énrí Dene Spread (?) ab' ainm don Agent so.Is fuirist tuigsint conus a fuair an aít a h-ainm. Tá rían an Átha le h-ais an droichid fós ann. Agus an "Beal", tá sé soiléar go leór mar oscluigheann an abha amach i bhfuirm béil ag an bpoinnte seo. Sin bunus na h-ainmne "Beal an Átha". "Baile an Átha" atá ag Roinn an Phuist agus Telegráfa uirthe.
- Gort na Tiobrad : Tá tobar fíor – uisge i gcúinne páirche annso. Is annso do bhí Gearaltaig ba mhó cháil i gCúige Mumhan ‘na gcomhnaidhe. Is eól dúinn go rabhadar san go láidir ar son an Chreidimh i n-Éirinn. Dheineadar connradh eatorra feín an fiór chreideamh do chosaint i gcoinnibh luct an Nuaidh-Chreidimh
Is mó uair a thug Dáithí Ó Bruadair, an file,(leanann ar an chéad leathanach eile)