School: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (roll number 10107)
- Location:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Teacher: Pádraig Ó Coileáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Mo ghrádh, mo Mháirín do gheall sí stát dom
Céad sa ráith nó míle bó
Acht foiríor cráidhte, ní raibh siúd i ndán dom
Is d'fhágas-sa Máire ag sileadh deor.Dá bhfaighinn im' láimh í rachainn go Cill Áirne
Ag ceannach láir dheas dom' mhíle stór
Fuip naoi bhfáinne srian im láimh dheis
Diallait áluinn fé na (teassals) óir.Maidin drúchtaigh 'ge tig tábhairne an Bhuarcaigh
Mo ghasra súgach lem ais ag ól
Tháinig chugham-sa andeas thar tríúchaibh
Sgéal púnt agus cúilfhionn óg.Leogfad teachtaireacht go páirse daingin leat
Go gleanntán ceathrar fé na sgéala cróin
Andeas ón gcathair mar a mbeidh Rás na gCapall
Ag tighearnaí allmhuire 'gus fathaimh óir.Beidh tighearnaí allmhuire, tighearnaí Shasana
Agus Captaoin _____ is a long fé sheól
An cléireach ag seasamh, 'sé ag scrí ar mheamram
'Sé ag déanamh seanachais ar an mbuachaill óg.Fuair é seo ó Mháire Carmody Leaca Bán anso - 80
A.O.H- Informant
- Máire Carmody
- Gender
- Female
- Age
- 80
- Address
- An Leaca Bhán, Co. Chiarraí