Scoil: Cromadh (B.)
- Suíomh:
- Cromadh, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Dáithí Ó Ceanntabhail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cromadh (B.)
- XML Leathanach 301
- XML “Liosta Focal a Bhíonn i nGnáthchaint agus i gComhrá Muintir na hÁite seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Liosta Focal a bhionn i ngnáthchaint is i gcomhrádh Muintir na hÁite seo.
(1) Ar nglaodhach do'n choileach ar an dtáirsigh:-TEACHTAIRE DÉ AR DEAGH-SCÉALA CHÚGHAINN !
(2) Giota de phaidir a bhiodh ag m'athair:NÁ BÍDHIDH SANNTACH NÁ BRÉAGACH NÁ LOCHTMHAR LE CHÉILE.......
(Fuaras iad so thuas i mBruighreas-dá-Mhíle i gCo. Thiobrad Árann)
AINDEISEOIR. AMADÁN. AMALACH. ÁILLEÁN
ÓINSEACH. BACACH BÚNDÚN.I.E. an t-ionathar mór a curtar amach uaireannta tré neart cruadhtain, laige, nú tinnis, Cloistear san abairt seo ag na bearlóirí fós é: dá gcuirtheá amach do bhúndún ní bheifí buidheach díot.
CNÁIMHSEÁNAIDHE. CNÁIMHSEÁIL. CRÓNÁN. CRÚIBÍN. SEOINÍN. FLAITHEAMHAIL. PÚICÍN. DÚIRNÍN agus DORNÁNBEAN SIDHE. BEAN CAOINTE. BÓ CHAOINTE
(an dá cheann deireannacha so ó Bhuighreas-dá-Mhíle i gCo. Thiobrad Árann)PÓG MO THÓIN. CACH. (Bionn an focal seo i mbéalaibh na dtúismhightheoirí chún grándacht an fhocail béarla a choinnéil o chluas-(Page 299)Dáithí O Ceanntabhail
Scoil na mBuachaillí
Cromadh
Co. Luimnighe
17.12.34Bar. Cois Máighe
Par. CromadhDo Runaidhe an Roinn OideachaisA Chara,Tá an leabhar so Béaloideasa criochnuighthe agam, agus tá sé a chur agam chughat. Is truagh liom nach fiú tracht ar an méid Bealoideasa atá le fagháil sa cheanntar so; baineann a a lán cúiseann leis sin, ach go h-áirithe baineann an Galldhachas a lean fás tighthe mór na n-uaisle sa chomhursanacht ag tosach an chéid deireannaigh, baineann sin leis. Pé sgéal é, tá a lán fós le bailtughadh agus déanfad mo dhian-dícheall an chnuasacht is iomláine is féidir a dheánamh. Dá bhrígh sin bheinn buidheach díot dá gcuirtheá coip eile de'n leabhar "Bealoideas", chugham cun leanamhaint de'n bailiuchán.Sháruigheas an "teagasg" annso is annsud sna notaí a dheineas, ach dheineas an méid sin soiléir go leor. "Ní foghluim go taithighe " agus deánfad níos fearra an chéád bhabhta eile. Comh fada is tá an eolas agam, níor scriobhadh síos fiu is focal a clobuaileadh ariamh.Ní fhaca an cigire an chnuasacht so.Mise, le fíor-mheasDáithí O Ceanntabhail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Daithí O Ceanntabhail
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)