Scoil: Cromadh (B.)

Suíomh:
Cromadh, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Dáithí Ó Ceanntabhail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0506, Leathanach 453

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0506, Leathanach 453

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cromadh (B.)
  2. XML Leathanach 453
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (Níl neart agam scríobhadh síos mar reámh-rádh do'n roinn seo an creideamh atá curtha na luighe orm, de bhárr mo chainte le cuid des na daoinibh i dtaobh piseogachta, go bhfuil dlúth-bhaint fós, maidir le nósaibh is le béasaibh, idir muintir an lae indiu agus ár sinnsear in allód. Creidtear go daingean go bhfuil cumhacht ag daoinibh áirithe rudai thar tuisgint ár nadúra a dhéanamh is do réír mar a chloisim, deintear na gnotha sin fós agus deintear iad i n-áiteanna gairid go leor do'n pharóiste seo Chromtha. Ní iarrtar orm aon chur síos d'a leithéid seo a dheánamh ach cloisim rudai anois is arís, maidir le piseoga, atá comh dorcha gránda le h-aon rud atá san Dracula sin Bram Stócair. B'feidir ná fuil sa chaint sin ach speabhróidí meabhair aimhrialta, ach pé'r sa domhan é, seo agaibh thios annso an chnuasacht piseóg a d'fhéadar déánamh sa cheanntar so.)

    Rísteárd de Buitléir, Feirmeoir, Gort rua Cromadh, 44 bhliadhna d'aois, a cháith 3 1/2 bliana sa chogadh mór san Eoraip a thug dom an cúntas so leanas. Cibé ná fuair sé acht oideachas Scol Naisiúnta, 'sé an fear is foghlumtha is is geíre aigne é, maidir le stair 's le filídheacht béarla is le h-eolas coitchianta dá bhfuil sa cheanntar so. Is fíor a rádh nach bhfuil dán ná amhrán ná "footnote" a cuireadh leo, i scríbhinníbh na mór-bhfilí Béarla ná fuil de ghlan-mheabhair aige. Iongantach ar fad an cumas atá aige cuimhneamh ar a léigheann sé agus eolas aige ar mór-ghniomharcaibh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Bailitheoir
    Daithí O Ceanntabhail
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Rísteárd de Buitléir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    44
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cromadh, Co. Luimnigh