Scoil: Baile an Áird (C.)
- Suíomh:
- Baile an Aird, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Áine Ní Dhomhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gach sean-duine sa cheanntar agus seo mar a d'innseadh domh-sa é.Bliadhanta ó shoin bhí cailín aimsire ag muinntir Uí h-Ógáin i Rathsiurdán agus is í a chrudadh na ba maidin, istoidhche. Thuit amach go raibh ceann des na buaibh as láthair tráthnóna, agus tar-eis óladh a cuid té don cailín aimsire do ghabh sí amach chun í d'fághail agus crúdhadh. D'eirigh léi, ach bhí tuitim na h-oidhche ann agus í ag filleadh thar-nais go tigh na feirime, agus an buichéad bainne ar a ceann ( b'é an nós an t-am san.) Thosnuigh an cheol-sidhe nuair a bhí sí ag dul thar cnochán a' phíopaire agus b'eigin di rinnce agus rinnce agus an buichéad ar a ceann go dtí gur stad an ceol draoidheachta ag breachadh an lae.
N.B.D'innis Mac Uí h-Ógáin dom gur minic a chuala sé a mháthair ( beannacht Dé le na-hanam ) ag innsint an sgeil thuas. Do mhair an cailín aimsire ( go ndéanaidh Dia tróchaire uirthe ) i mbotán i ndeire na feirime.
( Grianghraf Teaghlaigh ar Chnocán an Phíopaire )- Faisnéiseoir
- Seán Ó hUiginn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Ráth Shiurdáin, Co. Luimnigh